Gairmscoil Chú Uladh

GCU open day 2024 .mp4

Na fáthanna le teacht go GCU

16ú Eanáir 2024

Ráiteas Misean na Scoile

Is í ár n-aidhm i nGairmscoil Chú Uladh timpeallacht foghlama sábháilte ina bhfuil cothromaíocht agus comhoibriú mar bhunchlochanna, a chur ar fáil do achan dalta. 

Tá muid dírithe ar fhorbairt iomlán an dalta ó thaobh forbairt pearsanta, sóisialta, oideachasúil agus mothúcháin, chun go mbeidh achan duine ábalta a gcumas a chomhlíonadh. Is í ar n-aidhm an Ghaeilge agus an Ghaeltacht a chaomhnú agus a chur chun cinn agus gach cuidiú a thabhairt do dhaltaí a líofacht a fheabhsú.


Ár Scoil

Is meán scoil do chailíní agus do bhuachaillí í Gairmscoil Chú Uladh atá faoi bhainistíocht Bhord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall. Is scoil Ghaeltachta muid agus tá muid ag plé leis an Scéim Aitheantais do Scoileanna Gaeltachta ó 2018. 


An Ghaeilge

Is scoil Ghaeltachta muid agus is í an Ghaeilge teanga cumarsáide na scoile. Is í ár n-aidhm an Ghaeilge a chur chun cinn.  Déanann muid gach iarracht cuidiú le daltaí nach bhfuil líofa sa Ghaeilge trí ranganna breise, cuidiú ón Chúntóír Teanga agus tacaíocht breise a chur ar fáil. Tá sé riachtanach go mbeidh daltaí a thagann isteach sa scoil sásta agus toilteanach an Ghaeilge a fhoghlaim agus a labhairt.