Bhí lá mór againn sa scoil ar an Aoine, 25ú Deireadh Fómhair nuair a tháinig foireann Raidió na Gaeltachta anseo leis an chlár ‘Barrscéalta’ a chraoladh beo ón scoil.
Rinne an clár ceiliúradh ar an méid atá bainte amach ag an scoil le bliain ’s tríocha anuas agus d’amharc muid siar ar na laetha a bhí ó bunaíodh an scoil i 1982. Bhí an láithreoir, Áine Ní Chuiréain iontach togtha leis an scoil agus leis na ceoltóirí agus cainteoirí a bhí páirteach sa chlár.
Bhí sé deas iar-mhúinteoirí agus scoláirí a fheicéail chomh maith leo siúd a d’obair go crua ar son na scoile ón chéad lá riamh.

.jpg)
