Thug grúpa de dhaichead daltaí agus triúr múinteoirí cuairt ar Páras ag deireadh mí Mhárta. Bhí clár ama pacáilte acu. Thug siad cuairt ar na foirgnimh cáiliúla uilig – an Túr Eiffel, Les Champs Élysées, Stade de France, Notre Dame, Montmartre agus bhí turas báid acu ar an Seine. Thug siad cuairt fosta ar an […]
Chuir ceoltóirí agus aisteoirí na scoile an ceoldráma cáiliúil ‘Take a Chance on Me’ i láthair ar ardán Amharclann an Bhalór, Bealach Féich ar an 11ú agus 12ú Bealtaine faoi stiúir an múinteoir Kelli Nic Ruaidhrí. Bhí an ceol agus an aisteoireacht thar barr ar an oíche agus tá muid uilig iontach bródúil as na […]
Bhí an Rás Ildaite 5K ar siúl sa scoil ar an 28ú Aibreán, eagraithe ag an Coiste Sláinte. Tháinig Scoil Náisiúnta Bhaile na Finne, Scoil Náisiúnta Dubhais agus Coláiste na Daoile isteach ar an lá le bheith páirteach. Ba é Aaron Mac Fhloinn, dalta ó Rang na h-Idirbhliana an buaiteoir ar an lá.
Tá daltaí Rang na h-Idirbhliana taréis filleadh óna gcuairt ar Albain an tseachtain seo. Tá an rang páirteach i gClár Malartaithe le Ard Sgoil a Phluic i Gàidhealtachd na hAlban agus bhí cuairt iontach rathúil ar fad ag na daltaí. Bhí na scoláirí ag fanacht i Sabhal Mór Ostaig ar Oileán Sgitheanach agus chaith siad […]
Bhí Rang na h-Idirbhliana páirteach i gcomórtas a bhí eagraithe ag an CLG le comóradh a dhéanamh ar 1916. Scríobh an rang trí amhrán don comórtas agus d’ éirigh le ceann de na h-amhráin seo theacht isteach san deich amhrán is fearr sa tír. Da bharr seo beidh an t-amhrán ar dlúthdhiosca speisialta atá an […]
.jpg)
