Thug grúpa de dhaichead daltaí agus triúr múinteoirí cuairt ar Páras ag deireadh mí Mhárta. Bhí clár ama pacáilte acu. Thug siad cuairt ar na foirgnimh cáiliúla uilig – an Túr Eiffel, Les Champs Élysées, Stade de France, Notre Dame, Montmartre agus bhí turas báid acu ar an Seine. Thug siad cuairt fosta ar an Mhúsaem Stair an Dúlra a bhí an-suimiúil ar fad. Ba é an múinteoir Éanna Ó Mainín a d’eagraigh an turas seo.
.jpg)
